Open Table: Design/Bord Oscailte: Dearadh
IAF House, Charlemont Square, Saint Kevin's, Dublin
Tour type
- Open House Extra
- Open Table
- Talks & Conversations
Tour Information +
An léiríonn an dearadh luach maith ar airgead? An bhfuil sé ina shó nach bhfuil an t-am againn dó? Cén difríocht a dhéanann dearadh i ndáiríre? Agus Éire ag tabhairt faoina plean forbartha is uaillmhianaí riamh, bí linn chun ról agus luach an dearaidh inár saol laethúil a phlé.
Le Bord Oscailte 2025, tugtar de chumhacht do dhaoine páirt a ghlacadh i bplé faoi stiúir saineolaithe maidir le hábhair an Diaspóra, na hÉagsúlachta, an Deartha, na Scartála agus an Daonlathais. Is iad Orla O’Kane agus Iseult Kirwan a dhéanfaidh ár gcéad bhord a óstáil i nGaeilge.
Ailtire í Orla a bhíonn lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí. Is í buaiteoir Ghradam RIAI 2024 d’Ailtire atá ag Teacht Chun Cinn, bunaitheoir Ailtireacht Collective, scéalaí ar phodchraoladh Studio Sessions, rannpháirtí cláir le hAiltireacht Chiarraí agus iar-Uachtarán ar Chumann Ailtireachta na hÉireann agus teagascóir stiúideo dearaidh in Ollscoil Luimnigh.
Is Ailtire í Iseult atá ag obair do Rannán Ailtirí Cathrach i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá obair Iseult dírithe go príomha ar thithíocht shóisialta a dhearadh agus a thógáil agus ar mháistirphleanáil athghiniúna ceantair i gCathair Bhaile Átha Cliath. D’oibrigh sí roimhe seo ar dhearadh agus ar thógáil scoileanna in áiteanna éagsúla in Éirinn don Roinn Oideachais agus Scileanna. D’oibrigh Iseult freisin do chleachtais ailtireachta sa Fhrainc agus san Astráil agus tá Baitsiléir sna Dána aici freisin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i Stair na hEalaíne & na hAiltireachta agus sa Fhraincis.
Beidh an tsraith Bord Oscailte ar siúl i dTeach an IAF ag Cearnóg Charlemont, Baile Átha Cliath 2. Tá na háiteanna teoranta, mar sin, cuirigí áit in áirithe go luath. Cuirfear lón ar fáil.
Accessibility Information
Share
Book Now
Similar
-
Booked Out
- Open House Extra
- Talks & Conversations
Clontarf – What If / What Next
BRENNAN | FURLONG Architects & Urban Planners, Clontarf East, Dublin 3
- Exhibition
- Open House Extra
Who is my Neighbour: Loughlinstown Court
Inagh Court, Loughlinstown, Dublin
-
Pre-Book
- Open House Extra
- Workshop
City Lines-Exploring the city through sketches and words
Pearse Lyons Whiskey Distillery, James's Street, Saint James, Dublin
-
Pre-Book
- Talks & Conversations
The Evolution of Neighbourhoods – Conversation
Dun Laoghaire-Rathdown County Council, Marine Road, Dún Laoghaire, Dublin
-
Booked Out
- Open House Extra
- Open Studios
Open Studios: O’Donnell Tuomey
35 Fortescue Lane, Mountpleasant Avenue Lower, Rathmines, Dublin 6, D06 C6C5